baile l aidhmeanna l foireann l comhairleoirí l labhair linn l nascanna l leagan Béarla l Cuardaigh


Foireann

Logo of Munster Women Writer's Project

An Fhoireann Thaighde

Patricia Coughlan, Ceannaire Tionscnaimh.

Is Comh-ollamh í i Roinn an Bhéarla, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Tá leabhar faoi Spenser agus Éire curtha in eagar aici, maraon le Modernism and Ireland : the poets of the 1930's (Cork UP, 1995) a chuir sí in eagar i gcomhar le Alex Davis. Tá iliomad alt agus aistí foilsithe aici ar na hábhair a leanas : scríbhinní na 16ú agus na 17ú haoise ; litríocht Éireannach na 19ú haoise ; léiriú inscne agus collaíochta i litríocht Éireannach na 20ú haoise ; filíocht Bheckett agus nua-aoiseachas Éireannach sna 1930í.

Éibhear Walshe, Ceannaire Tionscnaimh.

Is léachtóir é ar an Litríocht Angla-Éireannach i Roinn an Bhéarla agus is é Stiúrthóir na Scoile Samhraidh Idirnáisiúnta sa Léann Éireannach ag Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Tá cnuasach aistí curtha in eagar aige ar shaothar Kate O'Brien Ordinary People Dancing (Cork UP 1993) agus ar Elizabeth Bowen Elizabeth Bowen Remembered (Four Courts Press, 1999). Beidh beathaisnéis uaidh ar Kate O'Brien ag teacht amach in Earrach na bliana 2001. Tá ábhar foilsithe aige faoin scríbhneoireacht leispiach agus aerach in Éirinn, agus chuir sé eagar ar an gcnuasach aistí Sex, Nation and Dissent in Irish Writing (Cork UP, 1997). Is eagarthóir é ar an gceathrú imleabhar den The Field Day Anthology of Irish Writing.

Tina O'Toole, Taighdeoir Tionscnaimh.

Tá sí díreach tar éis tráchtas dochtúireachta a chur i gcrích i Roinn an Bhéarla, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Bronnadh comhaltacht taighde uirthi le déanaí in Ollscoil Ottawa. Is ball í den bhfoireann theagaisc ar an gcúrsa MA i Staidéar na mBan, mar a dtugann sí léachtaí ar an Litríocht agus Teoiricí Feimineacha. Chuir sí comheagar ar an gclár 'Bibliography and Research Methods' a chuirtear ar fáil mar chuid den gcúrsa máistreachta sa Bhéarla, agus thug sí léachtaí ar an ábhar seo (1997-2000). Mhúin sí cúrsaí teagaisc ar Litríocht Angla-Éireannach na 20ú haoise agus an Scannánaíocht do mhic léinn na tríú bliana mar chuid den gcúrsa BA sa Bhéarla (1994-2000).

Gearóidín Nic Cárthaigh, Taighdeoir Gaeilge.

Ghnóthaigh sí MA sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (2000). Scríobh sí tráchtas gearr ar scéalaíocht Bhríd Granville mar chuid den gcúrsa sin. Bhain sí céim BA amach sa Léann Eorpach (Rogha an Léinn Éireannaigh) ó Ollscoil Luimnigh (1997). D'oibrigh sí mar theagascóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (1998-2001), í ag múineadh ranganna comhrá agus gramadaí do mhic léinn na céad agus na tríú bliana.

Síle Ní Chochláin

Taighdeoir Gaeilge Chríochnaigh sí MA sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh i 2001. Scríobh sí tráchtas ar leanúnachas agus claochlú in "Oidheadh Chonlaoich" mar chuid den chúrsa sin. Bhain sí céim amach sa Bhéarla agus san Fhealsúnacht ó Ollscoil Chorcaí (1992) agus ghnóthaigh sí BA sa Ghaeilge ón ollscoil chéanna (1999). Tá Ard-Teastas san Oideachas aici (2000) chomh maith agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir sa Mhainistir Thuaidh ó 1997 go 2001. Mhúin sí cúrsa sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Utrecht san Ísiltír le déanaí agus tá sí ag tosnú ar thaighde Dochtúireachta sa Léann Ceilteach in Utrecht faoi láthair.


baile l aidhmeanna l foireann l comhairleoirí l labhair linn l nascanna l leagan Béarla l Cuardaigh

Cóipcheart © 2001 - Tionscnamh Scríbhneoirí Ban na Mumhan.  post leictreonachl:tina.otoole@ucc.ie