|
baile l aidhmeanna l foireann l comhairleoirí l labhair linn l nascanna l leagan Béarla l Cuardaigh |
Comhairleoirí
Painéal na gComhairleoiríTá an tionscnamh Scríbhneoirí Ban na Mumhan bunaithe ar chomhoibriú idir líon mór réimsí acadúla maidir le ceapadh, le taighde, agus le cur i gcrích an leabhareolais. Is í seo an chéad uair gur tharla a leithéid de mhalartú eolais, idir comhghleacaithe go bhfuil saineolas acu ar an ábhar agus atá bádhúil leis an tionscnamh. Tá scoláirí Béarla agus Gaeilge, in Éirinn agus sa Bhreatain, tar éis a gcuid ama agus saineolais a roinnt go fial linn ó thús an tionscnaimh seo. Táimid go mór faoi chomaoin ag painéal na gcomhairleoirí, agus mórán daoine eile nach iad, atá tar éis cabhrú linn leis an saothar seo. Is iad an bheirt a leanas a bheidh ag plé leis na scríbhneoirí Gaeilge. Angela BourkeIs Léachtóir Sinsearach le Gaeilge í i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá tréimhsí caite aici ag múineadh in Ollscoil Harvard, i gColáiste Boston, agus in Ollscoil Minnesota. Is í údar na leabhar a leanas: The Burning of Bridget Cleary: A True Story (London: Pimlico, 1999; New York: Viking, 2000); Caoineadh na dTrí Mhuire: Téama na Páise i bhFilíocht Bhéil na Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1983, mar Angela Partridge); cnuasach gearrscéalta By Salt Water (Dublin: New Island, 1996); chomh maith le mórán alt agus aistí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sí ar an ochtar eagarthóirí den Field Day Anthology, iml. 4 agus 5: 'Women's Writing and Traditions' (Cork UP, ag teacht amach i bhFómhar na bliana 2001). Pádraigín RiggsIs Léachtóir Sinsearach í i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí sí ina comheagarthóir ar an leabhar Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama (Baile Átha Cliath: Clochomhar, 2000) agus tá na leabhair eile a leanas foilsithe aici: Pádraic Ó Conaire : Deoraí (Baile Átha Cliath: Clóchomhar, 1994); Donncha Ó Céileachair: ainilís stíleach (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1978); Bua an tSeanchaí : Tráchtaireacht agus Treoir don Leabhar Bullaí Mhártain le Síle agus Donncha Ó Céileachair (Corcaigh : Cló Mercier, 1974). Chuir sí eagar chomh maith ar an leabhar An Chéad Chloch: Padraic Ó Conaire (Baile Átha Cliath: Mercier, 1978). |
|
baile l aidhmeanna l foireann l comhairleoirí l labhair linn l nascanna l leagan Béarla l Cuardaigh Cóipcheart © 2001 - Tionscnamh Scríbhneoirí Ban na Mumhan. post leictreonachl:tina.otoole@ucc.ie |